Scoil: Doire Mór Iata (uimhir rolla 16599)
- Suíomh:
- Doire Bhó Riada, Co. Galway
- Múinteoir: Hannraoi Ó Coinnigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cogaidh freisin mar nuair bhíodh na sean daoine ag dul i bhfolach agus lé aitghiorra a dhéanamh treasna na mboithre seo a dtéigeadh siad. Níl bothar acu sin nach bhfuil i n-usaid indiu.
An bothair atá ag dul treasna ag Finlisghlin nuair a théigeadh na daoine chuig aonach an Líonán lé caoire sin é an t-aitghiorra a dhéanfadh siad dul treasna an cros-bhothair sin. Nuair a théigheanns na daoine go Mamin tógann siad an sean-bhothar lé ait-ghiorra a dhéanamh agus na boithre eile go léir tá usaidh ionnta. Teigeann na boithre sin tridh chuid den t-sleibh a ceanglann sé leis an mbothar atá ag dul go Maimin tá sé ag ceangailt lé bothar Duithce Shéoighe ar an taobh amuigh.
Ins an droch shaogal fado dhéanadh boithre san saogal seo tá a gcomaineacht lé feicéal san aith go foill. Ní raibh ins na boithre sin ach droch boithre. Ní bhéadh aon carr indon imtheacht ortha mar dá racfadh sé síos trídh an mbothar. Ní bhfuighfeadh na fir ach droch phaigh an t-am sin mar ní raibh morán airgeadh lé fagaill. Théigheadh na mná treasna na muigneagus ias na gcotaí agus a gcuid sluasaidh ar a gcualaibh agus iadh go h-ocrach mar ní bhíodh tada lé n-ithe acu. Ní bhíodh na daoine indhon an obair a sheasamh an t-amh sin mar bhí sé ro cruaidh agus ní bhíodh moran lé ite acu ach rud fanach agus bhí siadh in a dtruaigh Mhuire mar ní raibh fhios acu chéardh a bfhearr leo a dhéanamh í gcóir a gcuid páistí a thogháil. Ach mar a abairuigheanns na daoine atá anois tá athrú mór ar an saogal(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Mhaille
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire Bhó Riada, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Padraic Ó Mhaille
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Bhó Riada, Co. Galway