Scoil: Doire Mór Iata (uimhir rolla 16599)
- Suíomh:
- Doire Bhó Riada, Co. Galway
- Múinteoir: Hannraoi Ó Coinnigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deir na sean daoine go bhfuil go leor saidhbhreas í bfolach ins na gleanntaibh seo ó bhí na loclannach ann fadó. Tá cuid an go fóill acht tá cinnte ortha í fághail ar bith. Níl sé in aon áit acht áit uaigneach. San am fadó bíod na sean daoine ag toruigheacht an óir cluinfeadh siad cainnte go mbiodh óir faoí na crainnte. Cupla bliadain ó shoin bhí fear í ndúthaigh Seoighe agus bhíodh sé í gcomnaidhe ag cainnt í dtaobh airgidh am ar bith a casfaidh an fear seo diath ní bhíodh i gceist aige acht airgeadh. Oidhche amháin bhí sé in a codladh agus bhi sé ag bringloidhe ar ór agus an dara oidhche bhí an bringloidhe ceadhna aige an tridheadh oidhche bhí an bringloidhe ceadhna aige agus nuair a dusuigh sé . Deirfid se d'en fhear cé abhí taobh amuigh céard a bhí ag teasdal agus dubhairt an fear a bhí taobh amuigh éirigh agus tar liom sa agus deirigh an fear agus cuir air a éadaigh agus dimthigh leobh go Áll a Creamh. Nuair a bhí siad leath an bealach d'imtig an fear uaidh agus deirthear gur fear sidhe a bhí ann. Deirtear gur aitrigh na Tuatha De Danainn iad féin i sideogaí agus go b'fuil draoideacht ortha agus deirthear gur ceann de na daoine maiththe a bhhí ann. Bhí an fear eile ag siubhal ariamh go dtainich sé go Áll(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seán Ciarragáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Fionasclainn, Co. Galway