Scoil: Doire Mór Iata (uimhir rolla 16599)
- Suíomh:
- Doire Bhó Riada, Co. Galway
- Múinteoir: Hannraoi Ó Coinnigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)h-aghaid an té a bíodh tinn cuiread siad an leigheas dearglach. Tá cupla duine san áit seo fós agus tá sias in dhon leigheas an dearglach do dhéanadh mar mhúnadar ó na sean daoine é.
Is é an leigheas a bhíodh acú lé
h-agaid tinneas fiachla fadó chuirfheadh siad frog in a mbéal agus leagadh siad ar an fiachal a mbiodh an pian ann ag iarraidh iad iad a leigheasú. Bhí beirt fear ann fado agus sé an t-ainm a bhí ortha Diarmuid agus Séamus. Bhí pluch Séamus atuigheadh lá agus d'iarr sé do Diarmuid ceard a bhí air agus dubhairt Diarmuid go raibh tinneas fiachla air. Dubhairt Diarmuid annsin go raibh leigheas aige acht nach n-innseocaidh sé dó é acht go ndeanfhadh sé dó é. Is é seo an leigheas a thug Diarmuid do Sheain.
"An t-atrú a thug Diarmuid dhomsa
An t-atrú gan iarraidh gan atcuinghe
An pian atá í bfhus í t-fiacal
Go racad sé siar í do corbodh".- Faisnéiseoir
- Tomás Seoige Mhichil
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Uillinn Thiar, Co. Galway