School: Baile Nua (B) (roll number 9607)

Location:
Newtown, Co. Galway
Teacher:
Peadar P. Mac Conchoille
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 011

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 011

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua (B)
  2. XML Page 011
  3. XML “Seanscéal - Gairdín na Brídeoige”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí duine uasail fadó is fadó bhí, agus bhí triúr mac aige. Buaileadh an tathair suas tinn agus nioraibh innann e a leigheas acht trí ubhla amach as Gáirdín na Brídeóga. Dubhairt an mac is sine an lá seo racaimíd ar maidin amaireach sios chuig na trí bóithre atá annsin thíos go bfághamuid amach Gáirdín na Breidheóga. Dubhairt an mac is oige leis an mac is sine' "Faoí cheann lá agus bliadhain an triúr againn "meitaí" annseo aris. Thóg an triúr bóthair an duine anois. Dimthígh an lead is óige agus bí sé ag imtheacht agus ag síor imtheacht gur bhain an oidhche an lá de.
    Chonnaich sé solas uaidh istigh i gcoill agus rinne sé ar. Bhí sean bhean críona annsin roimhe i mbotháinín beag agus d'iarr sé lóisdín go maidin. "Bhéarfhaidh mise sin dhuit agus fáilte", a deir sí "Bfuil aon dochar iarrfaidh ort cá bhfuil tú a' dhul". "Bhfell níl" a deir sé. Tá mathair búailte suas agus níl leigheas air go bfághfadh sé trí ubhla amach as gáirdín na Breideóga. Bhfell níl fhios agam mar níor chúalas trácht ar an ngárdín sin aríamh acht tá mé imo maighistreas ar beithighídh an domhain agus béidh siad annseo anocht ar a dhó dhéagh nuair a leigfheas mise fead agus má tá tuairisc ar a leithéadh béidh tuairisc acú sin. Shéid sí an feadóg agus bhí beithidhígh ag teacht as ceann beithighídh nó go raibh an ceann deireadh ar fághail act ní raibh fhios acú cá raibh Gáirdín na Breideóga. "Dona go leór" arsa sise, "acht tá driothúir domsa céad míle as so agus ta sí ina máighistreas ar an méad éisg atá sa bhfairrge agus má tá aon tuairisc ar Gáirdín na Breideóga tá fhios aca siúd". Ar maidin amáireach béarfaidh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0400: The Man on a Quest for his Lost Wife
    AT0550: Search for the Golden Bird
    Language
    Irish
    Informant
    Padraic Mac Conraoi
    Gender
    Male
    Age
    68
    Address
    Newtown, Co. Galway