Scoil: Baile Nua (B) (uimhir rolla 9607)

Suíomh:
Newtown, Co. Galway
Múinteoir:
Peadar P. Mac Conchoille
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 044

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 044

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua (B)
  2. XML Leathanach 044
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear as sean bhóthar ag teacht abhaile ó Baile Mainistreach go mall san oidhche. Líam mac Flannacha a bhí mar ainm air. Ar a bhealach abhaile do sheas sé ar an bfóidín mearbhaill. Chonnaic sé teach beag ar thaobh an bhóthair agus é lán le solus.
    Isteach leis agus bhúail sé ar an doras. Táin[ig] bailín aluinn suas agus dfoscail sí é. "Tar isteach a fhir bhoicht agus suidhe síos" adeir sí leis. Do suidhe sé síos cois na teine. Bhí slúagh mór daoine san dteach agus ag damhsadh agus ag amhránuigheacht. Bhí sean fhear i gcoirnéal in aice na teine ag caitheadh tobac. "An tusa Líam mac Flannacha adeir sé leis an bhfear". "Cé'n caoí a bhfuil d'athair agus do mháthair". "Go maith" arsa Líam, "an bhfuil aithne agat orm". Níl ars Líam. Is mise sean Pait o Concubhair. Cailleadh mé fiche blíadhain o shoin, núair a ghoid na sídheoga mise leó agus táim i ngreim acu o shoin.
    Thug an cailín ar osgail an doras deoch dó ag[us] núair a bhí sé ólta aige thug sean Phait o Concubhair deoch eile dó. Seo dhuit agus ól súas é arsa sé. Sláinte agus saoghal agat bean i do toil agat airgead síos agat agus talamh gan cíos agat. Taréis tamaill thuit a chodhladh ar Líam. Núair a dhúisigh sé ní san teacín beag a raibh sé act sínte ar cnoicí[n] ghlas féarach lámh leis an roilig atá in aice fothrach an Sean Mainistreach.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Padraic Ó Freidhile
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Abbey, Co. Galway