School: Baile Nua (B) (roll number 9607)

Location:
Newtown, Co. Galway
Teacher:
Peadar P. Mac Conchoille
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 062

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 062

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua (B)
  2. XML Page 062
  3. XML “Seán Tincéir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí sean lánamhan ann fadó Seán agus Eilís. Lá amháin dubhairt Seán le na mnaoi beile a fhághail dhó go raibh sé le dul go Cille Dara ag tóruigheacht oibhre. Ghléas Eilís béile dhó agus chuir sí bríste mhaith ghlan air. An lá in a dhiaidh sé thosuigh Seán ar an bealach. Bhí sé ag siubhail nó gur shrois sé droicheadh Baineadh truisle as agus ar sé, "go mbrisidh an diabhal mo mhuinéal nuair a ghabhas mé an bhealach seo arís", Niorbh fhada gur shrois sé Cill Dara agus shochruigh sé le feilméar annsin. Cúig púnt san mbhliadhain a fuair sé ón bhfeilméar act níor íarr sé act an méid is chuireadh éadaigh air. In dhiaidh ceithre bhliadhna dubhairt Séan le fear an tíghe go rachadh sé abhaile. Sé an tuarastal a bhí le fághail aige annsin na cúig púnt deag. Níor chaith sé acht chúig púnt ar a cuid éadaighe.
    Lá ar na bárach gléas Seán e féin le dul abhaile. Bhí sé ag siubhail nó gur tháinig sé go cros bhóthar. Casadh duine bocht leis annsin an d'iarr an fear déirce ar Seáin, in onóir do Dia is do Mhuir. Thug Seán cúig púnt dó agus nuair a bhí sin déanta dubhairt an fear
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0330A: The Smith and the Devil (Death)
    AT1137: The Ogre Blinded (Polyphemus)
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Mac Giolla na Áth
    Gender
    Male
    Age
    50
    Address
    Lissaniska, Co. Galway