School: Baile Nua (B) (roll number 9607)

Location:
Newtown, Co. Galway
Teacher:
Peadar P. Mac Conchoille
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 047

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 047

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua (B)
  2. XML Page 047
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá dá tobar beannuithe sa paróiste seo ceann acú san gcómarsanacht seo agus ceann eile i nDrom an tSeagail. Tugtar Tobar Bríain ar an ceann san áit seo agus Tobar Pádhraigh ar an gceann eile. Bíonn patrún go Tobar Bríain ar an 21adh lá de Lughnasa. Bhíodh patrún go Tobar Pádhraigh go dtí suim bliadhanta o shoin. Thárlaidh dún mharbúghadh ann agus chuir sin deireadh leis an bpatrúin, agus rinneadh roilig den áit acht tá an tobar ann fhós.
    Seo é an caoí a deántar an patrún ag Tobar Bríain. Téigheann na pilgrimíghe thart timcheall an tobair ar na glúinibh nó de shiubhal cois cúig uaire déag. Déanann na daoine a'chuinge ar Naoimh Bríain eadar guimhe a dhéanamh ar a shon. Ar chríochnú an stáisiún do na daoine ólann siad uisge an tobhair agus tugann siad cuid den uisge abhaile leó.
    Deirtear go bhfuil leigheas san uisge agus gur leighseadh daoine ann. Ní féidir an tuisge a fiuchadh. Uair amháin thug fear roinnt uisge o'n dtobair abhaile leis chun é a fiuchadh acht níor fiuch an tuisge agus fada do mhair an fear in a dhiaidh sin.
    Deirtear sa seanchus go raibh Naomh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish