Scoil: Lisín na hEilte (Buachaillí)
- Suíomh:
- Lisheennaheltia, Co. Galway
- Múinteoir: Pádraic Ó Séadhacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó bhí fear in-a chomhnaidhe i buidheabhnach agus bhí sé socruighthe aige a dhul go aonach i Dún Mór. D'éirigh sé i lár na hoidhche agus bhi an oidhche an geal agus ní raibh fhios aige cén tam a bhí sé mar ní raibh aon clog sa teach. Cuaidh sé amach sa bpáirc agus fuair sé an bó agus cuaidh sé go dtí an aonach. Nuair a tháinig sé go dtí an páirc atá míle thaobh toir de Dún Mór chonnaic sé go leor daoine ag caiteamh liathróid agus bhí spórt mór acu. Chuaidh sé isteach ag imirt leo. Tar éis tamaill thosaigh siad ag ól fíon agus nuair a bhí a sháit ólta acu dubhairt siad go raib sé in am dóibh a bheith ag imteacht. Tar éis cúig noiméad ní raibh sa bpáirc ach é féin. Chuaid sé amach ar an mbóthar agus cuaidh sé go dtí an aonach. Nuair a tháinig sé go dtí an aonach chualadh sé na daoine ag díol agus ag ceannacht. Seas sé i lár an aonaigh. Tháinig ceann de na firibh a bhí ag imirt peile leis(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Miceál Ó Laighnigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cashel, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Ní Laighnigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Cashel, Co. Galway