School: Scoil Chuimín (roll number 4786)
- Location:
- Pollagh, Co. Galway
- Teacher: Gearóid R. Ó Laidhigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Chuimín
- XML Page 250
- XML “Féilí na Bliana”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)DOMNACH na CÁSGAItheann go leor ubh an lá seo agus téightear amach ag toghruigheacht neadraca ean - neadaca na lachann fiadhain go mór mhór.
DOMHNACH CINGCISENí maith leis na sean daoine dul ag badóireacht, ag iasgaireacth nu ar an uisge chor ar bith mara mbeidh fáth leis on Cásg go dthí go mbeadh Domhnach na Cingcíse thart.
LÁ BEALTAINEnu Lá na nAmadan. Go minic leantar iarracht cleasanna imirt ar daonaibh.
LÁ 'le SEAINBíonn teine cnamh ag na daonaibh an lá seo. Bíonn damhsa agus amhraíníocht ag an teinidh agus tugann chuile dhuine fód lasta leis ar a dul abhaile dó. Bíonn an teine ann oidhche 23adh Meitheamh.
Bíonn turasanna ag toibreacha beannuighte ag an 15adh
Lugnasa. LÁ FEILE MUIRE sa bhFÓGHMHAR.
LÁ 'le MÁRTAINMarbhuightear cearca, agus géanna, caoraigh, agus mairt (?) don Naomh seo.
LÁ SAMHNAAthruigheann na Sidheóga o aít go h-aít an oidhche seo (31.10)
Níl aon tracht sa gceanntar seo ar na feilte leanas:-Seana Bhealtaine
Feile Mhichil
Lá le Tomás
Oidhche Cinn Bliadhna
Lá Coille
Nodlag na mBan