Scoil: Shindilla (uimhir rolla 14285)
- Suíomh:
- Lurgan or Shindilla, Co. Galway
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Shindilla
- XML Leathanach 296
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is ceart do dhaoine pósadh a dhéanamh ar De Luan agus Dé Máirt. Cuireann siad éadaig gorma agus bán, agus donn orra an lá a phósann siad. Is sean-fhocal é seo De Luan siar agus De Máirt soir. Nuair a phósann duine í ngorm beidh an t-ádh air. Nuair a phósann duine i mbán beidh an lanamhain lághach le chéile agus ní beidh siad ag troid. Nuair a phósann duine o nglas mairfidh siad i bhfad o bhaile. Seo pisreóg a bhíonn acu ar an lá a phósann siad, an chéad duine acu a thagann amach as teach an phobail geobhfaidh sé bás i dtosach. Is sean fhochal é seo pós i ngorm i rudeicint nua agus i rud eicint ar iasacht, agus i rud eicint bán. Nuair a phósadh daoine fadó chuiridís seál le duine eile orra. An lá a phósann siad ní dhéanann siad aon obair agus ní théigeann siad ó bhaile go ceann míosa.
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Cheallaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Maam Cross, Co. Galway