Scoil: Shindilla (uimhir rolla 14285)

Suíomh:
Lurgan or Shindilla, Co. Galway
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 305

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 305

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Shindilla
  2. XML Leathanach 305
  3. XML “Sníomh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Gnídís sníomh fadó le tuirne. Bhíodh ceap túirne deireadh agus fideóg ann agus chuiridís an rotha isteach air. Bhíodh céap-túirne tosaigh ann agus bhíodh dhá pholl ann agus bhíodh cluaiseanna ann déanta as tuighe. Bhíodh fearsad sáidhte isteach ann agus sreang dúbailte dhá uair timcheall air agus thart ar an rotha sa ceap túirne deireadh. Leis an snátha a sníomh, chuiridís a lámh isteach sa rotha agus d'iompuidís thart é agus sníomhaidís an snátha annsin. Bhíodh dhá chineál snátha ann an t-inneach, agus an dlúth. Bhíodh snátha amháin leis an t-inneach agus dhá snátha dúbailte leis an dlúth. Ba féidir leo deilbh a dhéanamh freisin le ceithre maide móra. Péire ina seasamh agus péire treasna. Ceann thuas ag an bhárr agus ceann thíos ag an deireadh. Bhíodh pionna ins na maide móra a bhíodh ina seasamh suas leis an snátha a deilb.
    Coinnle. Gnidís coinnle le h-aghaidh an blian fadó as bruibh agus geir agus ceirteacha. Fághaidís na bruibh agus bhainidís na rudaí glasa dóibh agus dhéanaidis troisleán dóibh agus chuiridís geir ortha agus dhóghaidís siad iad.
    Gallúnaighe. Gnídís gallúnaighe as feaman
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
          1. spinning and weaving (~482)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Bhrian
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Derroogh, Co. Galway