Scoil: Shindilla (uimhir rolla 14285)
- Suíomh:
- Lurgan or Shindilla, Co. Galway
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Shindilla
- XML Leathanach 317
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Leigheasanna
Tá leigheas i gcaonach a bhíonn ar na clocha. Dá mbeadh do lámh no do cois ag cur fola agus é a cuir air stopfaidh sé é. Dá gcastaoi cloch leat agus uisge orra agus tú gan a bheith ag súil leis. Tá leigheas ann dá mbeadh faithneacha ar do lámha agus iad a nigheacán ann dimtheochaidh siad. Tá leigheas sa Bearnán Bhríghide é a bhaint agus a bhruith agus purgóid a dhéanmh de agus é a ól san Earrach. Tá leigheas a neanntóg le h-aghaidh pianta in do cnáimhe agus e a chuimilt dóibh.
Tá leigheas i tobar atá ag Máméan ag duine a mbeadh chuile sórt air.
Tá leabadh Naomh Padraig ann agus tobar. Téigheann daoine ann ar an cúigead lá déag de Lughnasa.
Tá leigheas i tobar Ciaráin atá siar ag Cill Ciaráin. Tugann daoine turas ann ar an t-ochtmhadh lá de Meadhon Foghmhar. Tá leigheas i tobar Colm Cille atá síos ag Cois Fhairrge. Tugann daoine turas ann ar an naomhadh lá de Mheithimh.
Tá leigheas i gCruach Padraig atá síós ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Bhreathnaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ardderrynagleragh, Co. Galway