School: Leitir Mór
- Location:
- Leitir Móir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Mac Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Mór
- XML Page 200
- XML “Laoi na Con Duibhe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus dá dtéightheá a' seilg indiu ná i mbárach dá dtugthá cúl ná cnáimhín do'n fhear mhaol.
Ach mar sin féin leigtear "Ceann-dá-sgúch" síos ar chunntar ná h-éirigheann di lot.
An gruagach beag a tháinic léithi go dtiubhrfaidh mé féin do theangmháil cloch."
Annsin leigeadh Ceann-dá-Sgúch síos agus níor bhfada gur eirigh di an lot.
Ní túisge ná bhí ionntódh bainte as an ngruagach beag a tháinic léithi.
Nuair a chaitheadh an fear maol cloch, mar ní fhaca tú ariamh stoirm a' séideadh sop ná cith a dul taobh aniar de loch, níos míne ghéire bhíodh a' tigheacht ná Conán Fial ag caitheadh cloch.
"Mo chrádh go ráidhte a Fhinn agus a Ghuill Díomais atá 'do neart, bheirim maithteannas dhíbh ar Confairt Fianna Fáil, ach tógaidh dhíom an fear maol 's a chuid cloch".
Ann sin tógadh ceann-dá sgúch suas go honórach uasal a ghuailnibh fear.
Ach ar Thúrla níor leag dúrla "gur iarr sé cú aríst ar Chonlaid Charaid.
Ann sin leigeadh an slabhra ó Bhrághaid Bhrain, cé go raibh sí onórach go leór, bhí sí(continues on next page)- Collector
- Tomás Mac Confhaola
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Leitir Móir, Co. Galway
- Informant
- Éamonn Ó Lorcáin
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Address
- Béal an Daingin, Co. Galway