Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)

Suíomh:
Camas, Co. Galway
Múinteoir:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 027

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 027

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Camus
  2. XML Leathanach 027
  3. XML “An Fear agus a Thriúr Mac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an bhean air & phós sé arís. Bhí an darna bean an-olc leis na gasúir, agus ba mhaith léi iad a chur chun báis.
    'San oidhche bhí na gasúir uilig imthighthe a chodhladh ach an mac a b'óige. D'fhan sé sin in a chodhladh ar an teallach ag éisteacht leis an rud a bhí an leas-mháthair a rádh.
    Dúbhairt sí go gcuirfeadh sí isteach sa sgioból iad & go gcuirfeadh sí amach an bhó. Nuair a tháinig an oidhche lá'r na bháireach, dúbhairt an leas-mháthair leob a dhul isteach sa sgioból mar gur ann a chaithfidís codladh níos mó. Chuaidh & d'inis an mac a b'óige dóibh gach ar chuala sé féin go raibh an leas-mháthair a bhfágáil sa gcró & an cró a chur tré theine.
    D'éaluigh siad amach as an gcró & chuir siad an bhó isteach ann. Nuair a bhí sé píosa maith 'san oidhche, las an leas-mháthair an cró, & nuair a chuaidh sí go dtí iad ar maidin, céard a bheadh aice ach cnámha na bó.
    D'imthigh na gasúir leób go dtáinig siad ag trí cros-bhóthair & ghealladar dá chéile a theacht ag an gcrosbhóthar céadhna faoi cheann lá & bhliadhain. Chuaidh duine aca soir, ceann eile siar, & an treas ceann ó dheas.
    Tháinic lá & bliadhan & tháinic na buachaillí le chéile ag an gcros-bhóthar céadhna ar imthigheadar as. Dúbhradar go ngabhfadh siad abhaile féachaint cé'm chaoi a raibh a n-athair. Nuair a tháinic siad ag an teach ní raibh aon duine istigh rómpa. Chuaidh siad síos 'uig an taoille & ní raibh aon duine le feiceál ann ach fear a bhí amuigh ar an taoille ag iasgach. Ghlaoidh siad isteach air & chuaidh siad amach ag iasgach leis. Nuair a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Cáit, Bean Uí Ghiobúin
    Ainmneacha eile
    Cáit, Bean Uí Ghiobúin
    Ceata, Bean Uí Ghiobúin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    65
    Seoladh
    Camas Uachtair, Co. Galway