Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. Galway
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Camus
- XML Leathanach 070
- XML “Nidden is Didden is Donall Ó Néara”
- XML “Fir Láidre”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé amach an raibh an t-airgead aige cinnte. Chonnaic Nidden a' meadhchan an airgid é, agus chreid sé gur ar chroiceann Déasaí a fuair sé an t-airgead.
- Fir Láidre
Bhí fear ann fadó agus sé an t-ainm a bhí air Marcus Ó Neachtain. Fear mór láidir a beadh an fear seo. Ní bhíodh sé a' iarraidh acht troid. Nuair a bhí sé óg bhíodh sé ag iomchur ceagannaí poitín ar a dhreim i n-éadan na gcnoc. Bhíodh sé fhéin agus daoine eile a' throid i gcomhnuidhe.
Bhí an aois a' teannadh leis go mór agus nuair a bhí sé a' fhághail bháis dubhairt sé leis na daoine ól a bheith ar an tsochraide agus dubhairt sé 'chuile uair dá mbeadh siad a' leiginnt a scíthe a bheith a' bualadh a chéile. Tar éis na sochraide bhí fear ann agus bhí sé ag ól agus ag bualadh agus ní raibh sé i ndon siubhal abhaile bhí an oiread sin buailte air.- Faisnéiseoir
- Peadar Cínde
- Ainmneacha eile
- Peadar Cínde
- Peadar Ó Conaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- Os cionn 65
- Seoladh
- Camas Uachtair, Co. Galway