Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. Galway
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Camus
- XML Leathanach 109
- XML “An Chaoirín Ghlas”
- XML “An tAmadán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)marbhuigheadh an chaoirín ghlas. Chruinnigh sé na cnámha agus ní raibh easbaidh bídh ortha uaidh sin amach.
- Bhí amadán ann fadó agus ní raibh sa teach acht é féin agus a mháthair. Bhí rún aige pósadh acht sí an mháthair a chuaidh ag iarraidh na mná dhó. Nuair a d'imthigh sí ag iarraidh na mná d'fhág sí arán bacáilte agus feoil ar an teine.
Bhí dhá bharraille poitín sa teach freisin. Dubhairt sí leis nuair a bhí sí ag imtheacht piobar agus salainn a chur ar an bhfeóil. Bhí gadhar agus cat sa teach agus Piobar a b'ainm do'n ghadhar agus Salann a b'ainm dho'n chat. Mharbhuigh sé an gadhar agus an cat agus chuir sé síos iad leis an bhfeóil. Is gearr go dtáinic coileach isteach agus thóig sé an corca as barraile is chaith sé leis an gcoileach é.
Thosuigh an poitín ag sgartadh aníos(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Nóirín, Bean Uí Mháille
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Camas Uachtair, Co. Galway