Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)

Suíomh:
Camas, Co. Galway
Múinteoir:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 114

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 114

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Camus
  2. XML Leathanach 114
  3. XML “Ag Dul ar an Aonach”
  4. XML “Beatha na nDaoine Fadó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ní raibh salachar ar bith uirthi agus rinne sé staidéar. Sheas sé suas annsin agus thosuigh sé ag cuimhniú air fhéin go mba mhaith an bhróg í sin marach chomh fada uaidh is bhí an bhróg eile.
    D'fhill sé ar ais annsin ag iarraidh na bróige eile. Nuair a tháinic sé ar ais bhí ceann dona beithidhigh goidte ag an ngadaidhe.
    "Is dona an peidhre bróg orm-sa iad. Tá mo bheithidheach goidte uaim" adeir sé. Chuimhnigh sé annsin gurbh é fear as a bhaile féin a bhí ann agus thosuigh leis.
    "A ghadaidhe agus a ghadaidhe. Má thagann mise suas leat beidh do bhás orm. Brisfidh mé do chos agus leonfaidh mé do lámh i gcaoi nac ngoidfidh tú aon bheithidheach aríst le do shaoghal. A Mhicheáilín shalach, nach tú a rinne an cheard ag robáil na gcomharsan agus an baile taobh thall dhíot."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.