Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)

Suíomh:
Camas, Co. Galway
Múinteoir:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 120

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 120

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Camus
  2. XML Leathanach 120
  3. XML (gan teideal)
  4. XML “Seanfhocla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Fataí agus coirce agus min bhiudhe agus gabáiste is mó a bhíodh in Éirinn fadó.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    bhruith is dá ithe dóibh féin.
    Ó'n Nodlaig amach ní raibh aon fhata len ithe acu. Leite de mhin-choirce is mó a bhí acu uaidh sin amach. Bhíodh bórán acu leis an gcoirce a cháthadh, len í a chruadhtan le h-aghaidh na gcácaí.
    Ní raibh ola mór ar bith le fághail. Agus is le sliseógaí giúise a dhéanadh na daoine solas.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. 1. Ní beatha gan dul go neamh.
    2. Ní féidir olann a ghníomhadh gan bealadh.
    3. Ná bris reacht is ná dein reacht.
    4. Ní fearr gan ciall.
    5. Tigeann iomchar le fóghluim.
    6. Níl sógh gan an-shógh.
    7. Ní buan cogadh na gcarad.
    8. Comh ríméadach le cat a mbeadh brógaí air.
    9. Thiocfadh solas tríd an fhuinneóg bhig fhéin.
    10. Chomh díreach le ordóig mhuiche.
    11. Chomh cam le iorball mhuiche.
    12. Is fearr mine ná dóigh mór.
    13. An té a chleachtuigheas na buinn siubhalfaidh sé sa sneachta.
    14. An té a chleachtuigheas an tobac is mór an cuideachta dó í.
    15. Is milis an rud é an t-anam.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    2. products
      1. food products (~3,601)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Cualáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Camas Uachtair, Co. Galway