Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)

Suíomh:
Camas, Co. Galway
Múinteoir:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 129

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 129

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Camus
  2. XML Leathanach 129
  3. XML “Fear a Bhí ag Dul ag Pósadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sí é. Chuaidh an rud ar a druim.
    "Tóg mise go dtí an chéad teach eile", adeir an rud léithí.
    Bhi faitchíos uirthi annsin acht mar sin féin d'imthigh sí léithi go dtí an chéad teach.
    "Ní féidir liom a dhul isteach annseo mar atá an páidrín dhá rádh ann", adeir an rud leis an mbean.
    "Caithfidh tú mé a thabhairt go dtí an chéad teach eile".
    D'imthigh an bhean leí. Acht nuair a scroicheadar an teach eile bhí uisce na gcos dá chaitheamh amach annsin agus níor fhéad an rud a dhul isteach.
    "Caithfidh tú mé a thabhairt go dtí an chéad teach eile", dubhairt an rud léi.
    D'imthigh an bhean léi go dtí an chéad teach.
    "Seo é a teach atá uaim", adeir an rud.
    Chuaidh sé isteach. Bhí bean agus fear a' tighe ag troid. Bhí an inghean tinn ar an leabaidh. Chuaidh sé go dtí í. Chuir sé chun[?] bháis í. Tháinic sé amach go dtí an bhean.
    "Tabhair mise go dtí an áit a bhfuair tú mé", adeir an rud léi.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Beairle Cuimín
    Ainmneacha eile
    Beairle Cuimín
    Beairtle Ó Flaithbheartaigh
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Aois
    54
    Seoladh
    Camas Uachtair, Co. Galway