Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)

Suíomh:
Camas, Co. Galway
Múinteoir:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 134

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 134

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Camus
  2. XML Leathanach 134
  3. XML “Galraí”
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Nuair a bhím-se san oidhche ag ól,
    Bím-se sa ló ar an leabaidh,
    Bíonn mo chroidhe dhá dhóigheadh
    Nuair bíonn mo phócaí folamh."
    Bádóirí. Bhí bádóirí amuigh ag iasgaireacht lá. Is gearr gur mharbhuigheadar easco mhór. D'oscluigheadar í. Bhí siad le í a chur síos leis na fataí a bhí bruithte acu. Chuadar dhá chur síos agus dubhairt duine acu gáirleóg a chur uirthi.
    "Aré", adeir sí, "Ní chuirfidh sibh aon gháirleóg orm-sa", ag tabhairt an fhairrge uirthi féin aríst.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Na daoine a bhí ann fadó bhí siad follán go maith acht má bhí féin bhí galar go leór ortha.

    Nóirín, Bean Uí Mháille, Camus Uachtair, Casla, Co. na Gaillimhe a d'innis an seanchas seo ar leanas. Baintreabhach atá inntí le ós cionn cúig bliadhna déag, áit ar cailleadh a fear oidhche shneachta ar thaobh an tsléibhe agus é i ndiaidh a chuid caorach. 67 bliadhain d'aois atá sí anois agus deir sí gur óna fear a chuala sí bunáite a bhfuil annseo.
    --
    Na daoine a bhí ann fadó bhí siad follán go maith acht má bhí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Nóirín Bean Uí Máille
    Inscne
    Baineann
    Aois
    67
    Seoladh
    Camas Uachtair, Co. Galway