Scoil: Ros Muc
- Suíomh:
- Ros Muc, Co. Galway
- Múinteoir: Stiofán Ó hOisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Muc
- XML Leathanach 336
- XML “Ciste Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tháinig an dara fear agus chonnaic sé an eascon freisin agus rith sé le na anam. Tháinic an tríomhadh fear agus chaith sé an t-uisge coisreacan agus cailleadh an eascon agus thug sé leis an ciste óir abhaile. Bhí sé chéad punt ann agus an triúr fear a tháinic chuig an áit a raibh an ciste roinn siad ar a chéile an t-airgead.Níl mórán cistí óir le fághail anois ach fadó bhíodh go leor le faghail ag na sean dhaoine. Níor maith leo a fhágáil ina ndiaidh ag aon duine. Bhídís 'ghá chur i bhfolach i n-áit nach bhfuigheadh aon duine é. Ach frítheadh cuid de na cistí sin.Bhí buachaill foghlumtha ag dhul thart agus thánig sé isteach sa teach an fhir a fuair an ciste agus bhí clúdach an ciste faoin mbord agus adeir se "Is aisteach an rud ata sgríobhtha ar an gclúdach sin, "Níl fhios cé fearr an taobh seo ná an taobh eile." Nuair a d'imhthigh an buachaill d'imthigh an fear leis go dtí an crann agus fuair sé ciste mór eile agus chaith sé saoghal maith uaidh sin amach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Uí Conaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ros Cíde, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Conaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Ros Cíde, Co. Galway