Scoil: Ros Muc
- Suíomh:
- Ros Muc, Co. Galway
- Múinteoir: Stiofán Ó hOisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Muc
- XML Leathanach 368
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"cé tá ag fosaidheacht na mbeithidheach" ar seisean. "Gasúr cúpla bliadhain," adeir an bhean. "Cé le haghaidh an cáca?" adeir sé, agus dubhairt sí, "Le haghaidh an pháiste atá san gcliabhán." Tháinic sé anuas ag an gcáca agus d'ith sé an cáca agus an greideall agus bhain sé fiacail as. D'fhiafruigh sé an raibh aon fhiacail ag an bhpáiste. Dubhairt sí go raibh. Chuir sé a mhéir ina na [!] bhéal agus bhain an páiste píosa de'n mhéar dhe. Bhí trian de'n neart caillte ag an bhfathach nuair a bhí barr na méire bainte de agus chaill sé trian eile dhá neart nuair a chaill sé an fhiacal.
D'fhiafruigh sé cé'n gníomh gaisge a bhí ag na Fianna. "An chloch sin a fheiceann tú ar aghaidh an dorais a chaitheadh thar an teach agus a bheith ar an taobh eile de'n teach roimpi." Rug sé uirthi agus chaith sé thar an teach í ach chinn air a bheith roimpi.
Chuaidh sé annsin go dtí buachaill na mbeithidheach agus bhí tarbh ar na beithidhigh. "Bhéarfá mise an tarbh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Chonaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ros Cíde, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Conaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Ros Cíde, Co. Galway