School: An Cnoc (Leitir Mór)
- Location:
- An Cnoc, Co. Galway
- Teachers: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cnoc (Leitir Mór)
- XML Page 180
- XML “Crónán na Banaltra”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- "Bean a d'fhan ina suidhe Oidhche Lae Chinn an Dá Lá Dhéag agus d'fhag sí an doras ar osgailt. Chuaidh gach a raibh 'sa teach a chodhladh acht í féin. Is gearr annsin gur chuala sí torann ag an táirseach agus tháinig an Mhaighdean Mhuire isteach agus thosuigh sí ar an Suantraighe sin, agus is gearr go raibh an leanbh Iosa 'na chodhlad aice. Nuair abhí sí tamall istigh d'fhág sí a beannacht ag an mnaoi agus d'imthigh sí amach agus sin í an chéad bhean ar innis an Mhaighdean Mhuire a Suantraighe di."
(no title)
“Fágann siad na dóirse ar osgailt oidhche lae cinn an dá lá dhéag, mar bíodh na sean daoine ag rádh...”
Fágann siad na dóirse ar osgailt Oidhche Lae Cinn an Dá Lá Dhéag, mar bíodh na sean daoine ag rádh go mbiodh geatai na bhFhlaitheas ar osgailt.
Don duine nach mbiodh bainne aca an uair sin, chuireadh na comharsana bainne agus im ag a chéile mar bhronntanais.(continues on next page)- Informant
- Brighid Ní Fhlaithearta
- Gender
- Female
- Address
- An Cnoc, Co. Galway