School: An Cnoc (Leitir Mór)
- Location:
- An Cnoc, Co. Galway
- Teachers: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cnoc (Leitir Mór)
- XML Page 212
- XML “Tobac”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 'Sé an chaoí a roinnfí an tobac ar thorramh, ar dtús ghearradh fear an tighe an tobac agus núair bhíos sé gearrtha leagann sé ar phláta é, cuireann sé ina na piopaí é, roineann sé ar na fir é le caitheamh mar is nós é sin a bhíos ag na sean daoine.
Ní bhíonn tobac le feiceál i Roilig mar ní hé an nós é acht lá an socraoide bíonn piopaí lán de tobac ar an gclaidhe agus duine ar bith a theastuigheann píopa uaidh tugann sé leis é.
Ní bhiodh tobac ag fás ins an dtír fadó mar ní bhiodh an talamh sáthach tirim agus mar sin ní fhásfadh an tobac 'san tír deir an fear seo liom.
Deantaoi na píopaí in Gaillimh 'san bhFondaoire agus cheannuigheadh lucht na siopaí Dhiolfadh siad iad leis na daoine bochta ar leith-phighinn agus dhíolfadh siad tobac(continues on next page)- Informant
- Seósamh Ó Eidhin
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Cnoc, Co. Galway