School: Tír an Fhiaidh

Location:
Tír an Fhia, Co. Galway
Teacher:
An tSr Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 029

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 029

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tír an Fhiaidh
  2. XML Page 029
  3. XML “Scéal faoin mBás”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an bás síos sa gcathaoir agus ghreamuigh sé innte. "Leig as seo mé" adeir an bás "agus tiubhraidh mé seacht mbliadhna eile saoghail dhuit. "Ó is maith an rud seacht mbliadhna mar tá aois mhaith cheana agam" adeir an fear. D'imhthigh an bás agus faoin cheann seacht mbliadhna eile tháinig sé aríst. Ní raibh an fear seo ag fágháil aoinne nach raibh sé a leigheas annsin. Níor tháinig an bás an uair seo tar an doras. Leag sé an dhá láimh ar ursainn an dorais agus ghreamuigh sé ann."Ó léig as seo mé agus tiubhraidh mé seacht mbliadhna eile dhuit." "Ó is maith an rud seacht mbliadhna" adeir an fear. Ní raibh aoinne ag fágháil bhais annsin mar bhí an fear seo dá leigheas. Nuair a bhí na seacht mbliadhna thuas tháinig an bás arís ach ní racadh sé isteach go dtí an doras chor ar bith. Thosuigh an fear istigh dá réidhtigheadh fhéin agus dubhairt sé "níor cailleadh aoinne ariamh gan lón an bháis a thabhairt leis, bain glac des na spíonáin sin ar an gcrann dom." Chuaidh an bás go dtí an crann agus ghreamuigh sé ann. "Ó leig as seo me agus tiubhradh mé seacht mbliadhna eile dhuit." Leig an fear amhach é. Nuair a bhí na seacht mbliadhna shuas tháinig an bás arís. Ní dheaca sé thar an tsráid agus ghlaoigh sé amhach ar an bfear. "Tabhair am dom" adubhairt an fear "le paidir is cré a rádh." Dubhair an bás go dtiubhradh. "Ní abróchaidh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0330A: The Smith and the Devil (Death)
    AT0332: Godfather Death
    Language
    Irish
    Informant
    Seamus Ó Chongalaigh
    Gender
    Male
    Age
    c. 50
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Tír an Fhia, Co. Galway