School: Tír an Fhiaidh

Location:
Tír an Fhia, Co. Galway
Teacher:
An tSr Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 079

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 079

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tír an Fhiaidh
  2. XML Page 079
  3. XML “Gabha na gCleas”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    gabha fhéin in éindigh leis. Tar éis an tsuipéir thosuigh an dá fhear déag agus an mac seo ag déanamh clis. Dubhairt an feilméara leis an ngabha nach raibh aon fhear ann chomh maith le na mhac fhéin. "Má leigeann tú bliadhain eile liom é" adeir an gabha leis é go ceann bliadhna eile agus bhain sé gealladh dhe é tabhairt ar ais. Tháinig an gabha faoi cheann bliadhna eile agus é in éindig leis. Thosuigh an dá mhac déagh agus an mac seo ag déanamh a gcuid clis. Bhí mac an fheilméara ar an bhfear ba bhreághtha agus níos feárr ná iad uile. D'iarr an gabha ar é leigint leis go ceann bliadhna eile agus go mbeád sé níos feárr ná é fhein. Bhí siad ag caitheamh na hoidhche agus ag ól ach bhí an oidhche caithte agus níor chuimhnigh an feilméar aon ghealladh a bhaint de'n ghabha an mach a thabhairt ar ais.
    Bhí an bliadhain caithte agus níor tháinic an mac. Chuimhnigh an t-athair ar fhéin nár bhain sé aon ghealladh de'n ghabha an mac a thabhairt ar ais aige. D'imhthigh sé leis ar thuairisg a mhic. Bhí sé ag imtheacht agus ag síor imtheacht go dtáinig sé san áit a raibh an gabha na chomhnuidhe bhí sé ag cur tuairisg le gach duine cá raibh sé. Casadh fear leis agus é ag baint luachair agus chuir sé tuairisg leis cá raibh gabha na gcléas.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0325: The Magician and his Pupil
    Language
    Irish
    Informant
    Séamus Ó Conghaile
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Tír an Fhia, Co. Galway