School: Tír an Fhiaidh
- Location:
- Tír an Fhia, Co. Galway
- Teacher: An tSr Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tír an Fhiaidh
- XML Page 085
- XML “An tSlí a mBíonn a Fhios ag Muintir na hÁite ón nGréin cén Saghas Aimsire a Bhíonn air”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a bhíonn an ghrian na tairgne san áer droc aimsear criocnuighthe a bhíonns air.
Nuair a bhíonn an ghrian ag rinnce san áer ar maidin bíonn muid ag súil le aimsear bhreágh.
Nuair a bhíonn sí dearg ag éirighe agus ag dul faoi san ngeimhreadh bíonn aimsear chruaidh agus sioc air.
Nuair a bhíonn an ghrian an-soillseach múiríl bháistighe a bhíonns air.
Nuair a bhíonn cosa as an ngréin maidin Shamraidh ag éirighe teasbhadh agus teas agus calm a bhíonns air.
Nuair a bhíonn na madaí gréine an-tsoilléar le feichéal bíonn muid ag súil le sneachta.An tslighe a mbíonn fhios aca ón spéir cé'n saghas aimsire a bhíonns air.Nuair a bhíonn an spéir dubh dhearg thoir bíonn sneacht air.
Nuair a bhíonn sí buidhe dhearg thoir triomach ag gaoth anoir a bhíonns air.
Nuair a bhíonn sí glan gan aon réalta(continues on next page)- Informant
- Brighid Ní Chonghalaigh
- Gender
- Female