Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. Galway
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Seanafarachán
- XML Leathanach 152
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)152
47.Céard é an rud is luaithe ins an domhan Freagra:Amharc do shúil
48.Ceathrach cúigear Clann Uí Dhómhnaill,
ag dul 'un(chun) na coille maidin Domhnaigh,
na crainn a bhaineadar d'fhágadar ina ndiaidh iad,
agus na crainn nár bhaineadar thugadar leo iad
Freagra: Ceithre seabhac ag troid agus iad ag baint na sgiath dá chéile
49.Céard iad na trí rudaí is géire ar domhan Freagra: Súil seabhaic ar bhárr aille, súil chait in
dhiadh luch agus súil caillighe in dhiaidh bean a mic.
50.Máilín cluaith clúmha ag dul soir an loch Freagra: Eala
51.Gearáinín babalta cocalta dona siubhalfaidh sé Éire agus ní fliuchfaidh sé bonn fé Freagra: beach
52.Tá sé níos gile ná bainne, is ní bainne é,tá sé níos deirge ná fuil is ní fuil é,
Tá sé níos duibhe ná daol agus ní daol é , céard é Freagra: Smear (Sméar sílim atá i gceist?)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máighread Breatnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cnoc na Fuaiche, Co. Galway