Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. Galway
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Seanafarachán
- XML Leathanach 199
- XML “Gaiscíoch na Míoltóg”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Rug an fathach ar chloich ghlais agus bhain sé uisce ghlas aistí. Chuir an táilliúr a láimh in a phóca agus thug sé an cháis aníos agus bhain sé uisce as an gcáis. "Go cinnte" adeir an fathach "is maith an fear thú"
Rug an fathach ar chloich is chaith sé suas san aer í. "Céard a déarfá leis an bhfear athá in ánn cloch a chaitheamh suas agus nach dtiocfaidh sí ar ais" adeir an táilliúr. Tharraing sé éan aníos as a phóca agus chaith suas sa spéar é. Bhí ann áthas ar an éan bocht. Chonnaic an fathach é agus bhí an-iongnadh air. "Ó thárla go bhfuil tú id' fhear chómh maith sin" ars an fathach "tar liomsa go dtí mo chaisleán anocht."
Chuaidh siad go dtí an caisleán agus bhí bheirt dhearbhráthair an fhathaigh ann, dá chaoraigh aca, chaora an duine agus iad d'á nithe cois ne teineadh. 'Réis an tsuipéir chuir siad a chodhladh i leabhaidh mhór mhór é agus bhí sé an fhuair sa leabaidh agus sháith sé é féin i gcúinne inntí.
Amach san oidhche, nuair a shíl sé go raibh an fear beag in a chodhladh, fuair an fathach barra iarainn agus do bhuail sé iarraidh ar an leabaidh. Shíl sé go raibh an fear sa leabaidh. D'éaluigh an fear beag amach ar an fhuinneóig agus bhí sé ag imtheacht leis go ndeachaidh sé go dtí coill. Bhí an dá fhathach eile ann roimhe acht d'imthigh siad le faitchíos nuair a chonnaic siad é.
Chualaidh an rí go raibh a letheid d'fear ann agus chuir sé fios air. Tháinig an fear go dtí an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siubháin Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cnoc na Fuaiche, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Cnoc na Fuaiche, Co. Galway