Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)

Suíomh:
An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
Múinteoir:
Máire Ní Shionnacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 441

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 441

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Leathanach 441
  3. XML “Amhráin”
  4. XML “Bailtí Locha Riain”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhráin (ar lean)

    Ta mo chleamhnas déanta ós san oidhche aréir...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    III
    Is má phósann tú coidhche Pós ins an aimsir breágh,
    Nuair atá na páirceanna bán agus na móinféir fé na bláth
    Beidh tusa agus do stóirín ag spoirt agus ag greann
    Amach shíos faoi na h-oileáiní bána.
    IV
    Shiubhal mé thoir agus shiubhal mé thiar
    Shiubhal mé i Sasana agus go mór-mór i mBaile Átha Cliath
    Agus samhail mo mhíle stóirín ní fhaca mé go fóill,
    Sí Molly Bán ata mo ghrádh.
    V
    Maidin indé dá uair roimh an lá
    Bhí leitir agam sgríobhtha ó mo chéad mhíle ghrádh
    Tá an lon dubh is an chéirseach is an Smólach Gá rádh,
    Go raibh mo ghrádh geal ag teacht thar sáile.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. A Neilí Báin, a mhíle grádh, is tu caraidín mo chroidhe
    Cuir do lámh faoi mo cheann, ní mhairfidh me beo mí,
    Dá mbeinn 'mo luighe ar mo leabaidh le raithe is mé bheith tin
    Go mbeinn chomh slán le bradán bán nuair a chloisfinn glór do chinn.
    II
    Dá mbeadh liom-sa Port Omna is bailtí locha Riain
    Luimneach gan Chuntas is Co. Bhaile Átha Cliath,
    Is le mo Neilí Bhán a roinnfinn é a leath is a thrian
    Mar shúil go mbeinn i gcleamhnas leath lá fada is blian.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge