Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
- XML Leathanach 446
- XML “An Cailín Óg”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Mo mhallacht ar mo mháthair dá bpósaidh sí mé ró-ógDá luadhaidh sí mé ar sean-duine mar gheall ar cúpla bó.Déarfad-sa agus déarfá-sa agus creidfear mise fósGur is minic a phósadh sean-duine agus d'fhágaidh buachaill óg.
An Sean-DuineIs mór gur mb'fhearr a mise agus ná réice buachaill ógDo thiubhainn an mhóin abhaile chugat agus do dhéanfainn go luath an FhóghmharDo dheánfainn gach aithréid duit a bhaineann le gach gnóAgus is fearr ar fad an bhaile mé ná réice buachaill óg
An Cailíin Óg:-Is mór gur b'fearra liomsa buachaillín deas ógA bheadh ina fhear ar nós tusa agam nuair a bheadh a chlann siúd mórA n-éireóchadh go moch ar maidin dom agus a chuirfeadh uaim mo mbrónAgus a thiubhradh mo chairtín leana go tapaidh as tigh óíl.
An Sean DuineMá's cailín beag sin tusa agam go bhfuil dúil agat i n-ólGo bhfuil dúil agat in readaracht agus dúil agat i gceolMá shocruighim ar maidin thú dá mhairinn ach seachtmhain beoD'fheicfinn ag siubhal na h-Éireann thú is do mháilín ar do thóín.