Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
- XML Leathanach 488
- XML “Ráthanna agus Liosanna”
- XML “Ráthanna agus Liosanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sa gcairt go dtáinig siad go bearna a bhí ar thaobh an bhóthair. Annsin thóg siad leo é go dtí Cnoc Meadha agus nuair a bhí siad píosa suas ar thaobh an chnuic casadh fear marbh leo agus ba an-chosamhail leis an bhfear a bhí acu. Nuair nach raibh an fear a chuaidh ag an aonach ag teacht abhaile chuaidh go leor daoine dhá chuartughadh agus fuair siad an fear a casad leis na sidheoga ar thaobh Cnoc Meadha. Thug siad leo é abhaile agus chuir siad é agus cheap siad gurb' é an fhear ceart a bhí acu ann. Cúig bliana tar éis na h-ama seo tháinig an fear abhaile agus bhí gach duine a chonnaic é ag rith uaidh.
- Tá lios thiar ins an Móínín Mór i n-aice leis an Mám. "Sgealp na Coimhréidh" a tugtar air. Tá poll mór cruinn ag dul isteach ann. Deirtear go bhfeiceann na daoine comhra éigin ann nuair a bhíonn aon timpist mór le tarlú. Bhí an- stoirm san áit seo ins an mblian 1927 agus deirtear go bhfaca na daoine bean ann agus í ag caoineadh. Cúpla oidhche 'na diaidh sin bhí an stoirm ann. Tá cáil taibhsí agus sidheóga ar an Móínín Mór, agus tá an-fhaitchíos ar dhaoine dul siar ann san oidhche.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Droighneáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway