Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
- XML Leathanach 507
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tusa go dtí sin ach nuair a bhéas 'chuile rud déanta mar d'iarr mé ort, feicfidh sibh uilig mé in mo Aingeal geal ag dul go Flaitheas Dé. Beidh mise ag imtheacht anois," ar seisean, "Is gearr go mbeidh mo mhac annseo."D'imthig leis agus chuaidh an gabha a chodladh. Ba ghearr a bhí sé ann nuair a tháinig an duine uasal ag glaodhach air. "Bhfuil tú beó?" ar seisean. "Tá," ars an gabha. "Níor chuir mo sgála feín faitchíos araimh ormsa." "Siubhal leat," ars an duine uasal go dtiubhraidh mé do chuid airgid agus do bhricfasta duit." D'imthigh leo agus bhí an bricfasta reidh ag an deirbhshíur dóíbh. D'ith siad agus d'ól siad a sáith. Nuair a bhí siad reidh chuir an gabha a lámh ar a bhaithis go mall reidh dhá choisrughadh féín, is chonnaic an bhean óg an fáinne, agus phreab sí amach, "O Fáinne mo mháthar, cá bhfuair tú é?" Rinne an gabha gáiridh agus dubhairt, "Suidhigidh annseo anois go n-innseóchaidh mé mo sgéal díobh." Thug sé an Fáinne dí agus d'innis sé an sgéal dóibh faoi an méid a thárla ó'n gcéad oidhche a chuaidh sé in a chomhnuidhe sa teach mór. Bhí an gabha ag dul ag imtheacht abhaile annsin ach ní leigfeadh an duine uasal dó. "Caithfidh tú thigheacht liom-sa leis na rudaí seo a iomchur amach mar atá ráídhte agat is íócfaidh mise go matih thú." Rinne sé amhlaidh. Shiubhal siad thart chuig na tineontaí uilig ag tabhairt airgid dóíbh agus ag fághail maitheamhnas uatha, cé is moite don baintreabhach is fada gur thug sí sin a toil, ach thug sí isteach faoi dheireadh. Is dócha gur(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Spealáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 90
- Seoladh
- An Cloigeann, Co. Galway