Scoil: Caisleán Gearr
- Suíomh:
- An Caisleán Gearr, Co. Galway
- Múinteoir: Liam Ó Maolmhuidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caisleán Gearr
- XML Leathanach 036
- XML “Aonaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tuairm's caogadh bliain ó shoin is i gCnoc a' Diolán dhá mhíle ó' n sgoil seo agus i n-aice cathair na Gaillimhe a bhíodh an t-aonac ba ghoire dhúinn. Faithche imeartha do mhuintir na Gaillimhe atá san áit anois agus ní bhíonn aon aonach ann. Sa bhFaithche Mhóir a bhíos na h-aonaigh anois.
Maidin an aonaigh bhíodh fear i n-a sheasamh ar an mbóthar ag leacht a' Bhearna sa bparráiste seo agus chaithfeadh gach duine go raibh stoc aige pighinn nó dhá phighinn a íoc leis sul a leigtí isteach go dtí an t-aonach é. Thugadh sé an t-airgead sin do Chomhairl na Cathrach chun sráideanna na cathrach thart ar Chnoc a' Diolán a ghlanadh.
Cuireadh deire leis an aonach seo mar gheall ar dhá rud. Bhí an pháirc sin an-íseal fliuch agus bhíodh daoine agus stoc ag dul i n-abar ann dá mbeadh an ainsear go dona.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Caisleán Gearr, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Hanraoi Ó Griallghais
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- An Caisleán Gearr, Co. Galway