Scoil: Caisleán Gearr
- Suíomh:
- An Caisleán Gearr, Co. Galway
- Múinteoir: Liam Ó Maolmhuidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caisleán Gearr
- XML Leathanach 038
- XML “Aonaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aonaigh anois caithfidh sé "custom" a íoc le fear ar an mbhóthar, ceithre piginn ar mhuic nó caora agus sé ar bó.
Le teasbáint go bhfuil an t-ainmhidhe díolta cuireann an ceannuightheóir a mharc air le breasail má tá sé aige, nó gearran sé cuid de'n fionnadh le siosúr. Muna bhfuil siosúr no breasail aige déanann sé é le laithigh ar bhárr a mhaide.
Tugtar "luck-penny" i gcomhnuidhe, tuairm's leath-choróin ar beithidheach agus sé pighinn ar mhuic nó ar caoruigh.
Tugtar an ceannrach le capall nuair a díoltar é ach de gnath bíonn ar an gceannuightheóir é a chur ar ais go dtí an fear ar leis é. Téigheann muintir na h-áite seo go dtí aonaigh i nGaillimh, Áth Cinn, Baile Átha an Ríogh, an Spidéal agus an Turloch Mór ach sé Gaillimh an gnáth-ceann. Má bhíonn aistir fada rómpa tugaid capall agus cárr leo ach siubhlaid go Gaillimh de gnáth. Tosuigheann aonach na Gaillimhe timceall a trí a chlog ar maidin.- Bailitheoir
- Nóra Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Caisleán Gearr, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Hanraoi Ó Griallghais
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- An Caisleán Gearr, Co. Galway