Scoil: Caisleán Gearr

Suíomh:
An Caisleán Gearr, Co. Galway
Múinteoir:
Liam Ó Maolmhuidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 063

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 063

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caisleán Gearr
  2. XML Leathanach 063
  3. XML “An Tiarna Talún”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. B'iad Tighearnaí Clanricarde a bhí i na dtighearnaí talmhan sa gceanntar seo fadó. Bhí teach mór aca i dTír an Oileáin i n-aice na Coiribe.
    Saighdiúirí i n-arm Shasana a bhí ionnta na céadta bliain ó shoin agus fuar siad an talamh mar páighe ó rí Shasana.
    Roinn siad an talamh ar mhuintir na h-áite annsin agus thug siad trí acraí go leith do gach duine.
    Níor mhaith leis na daoine sa gceanntar iad mar d'iarr siad cíos árd orra.
    Bhí báille i nGaillimh aige agus bhreathnuigh sé ar an méid féir fataí agus barraí eile agus ar an mhóin agus an stoc agus bhéadh méid na cíosa ag braith ar an méid a bhí ag an tineónta.
    Chuaidh na daoine isteach go Gaillimh chuige faoi dho sa mbliain agus d'íoc siad an chíos. Bhí báille darbh ainm
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Breathnach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Caisleán Gearr, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Fionnaidhe
    Inscne
    Fireann
    Aois
    56
    Seoladh
    Claí an Dá Mhíle, Co. Galway