Scoil: Rathún (Clochar) (uimhir rolla 1013)

Suíomh:
Rahoon, Co. Galway
Múinteoir:
Seán Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 430

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 430

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rathún (Clochar)
  2. XML Leathanach 430
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Cúpla chéad bliadháin ó shóin in aimsir na bpéin-dlighthe agus na géarleanamhainthe...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    éigin ag teacht agus as go brath leó, ar luathas na gaoithe. Rith an feilméar amach ar an mbóthar – eisean an duine do chualadh na buachaillí ag teacht tríd an ngarrdha – agus nuair a chonaic sé an trúir ag imtheacht uaidh, sgaoil sé urchar ghunna leo.
    Fuair duine de na buachaillí – gharsún sé mbliadhna déag an mac ba shine ag baintreabhach bhocht do chomhnaigh sa comhursanacht – fuair sé roinnt gráinne de’n urchar sa chois agus leagadh ar an mbóthar é.
    Ní raibh sé gortuighthe go ró-dhona agus bhí sé ag éirigh nuair do léim madadh mór an fheilméara air agus spréidheadh arís ar an mbóthar é. Bhí an madadh n-a sheasamh go bagarthach ós a chionn agus bhí eagla ar an mbuachaill bhocht corrughadh as an áit ‘na raibh sé.
    Tháinig an feilméar suas agus é go feargach. Rug sé ar an mbuachaill agus tharraing sé arais chuig an teach é, ghá bhualadh agus ghá chiachadh go borbh, fíochmhar agus tugadh suas do na saighdúirí sa Chlochán an oidhche sin é.
    Caitiliceach a b’eadh an buachaill bhocht seo agus ins an am sin nuair rugthas ar caitiliceach ag déanamh choir nó cionnta dá luigead ní raibh aon trócaire le fágháil aige.
    Thugadh an buachaill chun a croctha, bhíodh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Rút Ní Mhaicín
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Taylor's Hill, Co. Galway