Scoil: Garbh Fhearáin (Garrafrauns) (uimhir rolla 13155)

Suíomh:
Garrafrauns, Co. Galway
Múinteoir:
Seán Ó Fionnagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 497

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 497

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Garbh Fhearáin (Garrafrauns)
  2. XML Leathanach 497
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Is milis an teanga an Gaedilge ¶ glór gré grinn gasta

    Fuair mé na píosa seo a leanas 15 bliadhain o shoin ó fhear darbh ainm Cuimín ó Cluan Dealgáin, Dúnmor. Tá sé imthighthe ar shlighe na bFírinne le fada an lá. Bhí sé 'na shean fhear - thar an ceithre scór nuari a thug sé na píosa dom agus bhí giotai annseo 's annsiúd imthighthe as a chuimhne.
    Bhí sé muinnteardha le Cormac Dall File Seacrán an cheanntair seo, agus de bhrigh go raibh droch cháil ar Chormac níor mhaith leis an sean fhear seo admháil go raibh aon bhaint aige le Cormac. Ba deacar cainnt a bhaint as (i n-aimheóin ruainín tobac agus blogaim beag) agus dá luaidhfeá Cormac Dall bhí tú réidh leis.
    Sgríobh mé síos cuid de na focla de réir fuaim
    Seán Ó'Fionnagáin O'S.
    Garbhfearáin.
    Dún Mór

    "Is milis an teanga an Gaedilge
    glór gré glinn gasta
    Sámh, Súirc, Súlt blasta
    'Sí an Amhairis ? an teanga is sine
    'Sí an Laidin is fearr le foghluim
    Ortha ariamh ní ghabhfaimid
    D'aon fhocal amháin de congnadh "
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Fionnagáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Garrafrauns, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Cuimín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    Os cionn 80
    Seoladh
    Cloondergan, Co. Galway