Scoil: Dealgain (uimhir rolla 11770)
- Suíomh:
- Dalgin, Co. Galway
- Múinteoir: Breandán Ó Riain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dealgain
- XML Leathanach 117
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tháinig gasúr isteach í leabharlainn lá amháin agus d'iarr sé ar an leabharlainnaidhe leabhar a thabhairt do le léigheamh. Thug sé é. Níor stad an buachaill ach ag gaire chomh fada agus an leabhar aige agus an lá ar na bhárach agus an lá in a dhiaidh sin arís tháinig se isteach agus d'iarr an leabhar ceadna. Níor thúisge a fhosgladh sé a leabhar gach lá ná bhuaileadh sé ag gáire nó go mbíodh sé tuirseach. Tháinig an leabharlainnaidhe léis lá amháin agus d'fhíafruigh dhe cén cainnt ghreannmhar ins an leabhar a bhí ag baint an gáire as. "Féach air sin" arsa an gasúr ag cur a mhéire ar an phictuir in a raibh tarbh buile in dhíaidh fir agus an fear bocht ag rith go tapaidh ag iarraidh a cosa a thabhairt ó'n tarbh. "Féach air sin" ar seisean tá an tarbh sin in dhiaidh an fir sin le seachtmhain agus níor tháinig sé suas léis fós.
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Lurcáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cloonagh, Co. Galway