Scoil: Scoil N. Gobnait (uimhir rolla 16281)
- Suíomh:
- Dún Chaoin, Co. Kerry
- Múinteoir: Muiris Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Gobnait
- XML Leathanach 023
- XML “Scéal an Éithigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Sé an margadh a bhí a gceist ná so; tréis pas cainnte a dheunamh, an máighistir ar dtúis, b'fhéidir, agus an buachaill ansan, dá ba rud é go ndeurfadh an buachaill leis an máighistir, "Tá an t-éiteach agat" faid a bheadh an máighistir ag cainnt, bheadh air dhá bhliadhain oibre a thabhairt, gan oiread is pingin páig, agus dá b'é an máighistir a deurfadh na focail cheudna leis an mbuachaill, bheadh air tuarastal an dá bhliadhan a thabhairt don mbuachaill ar an bhfód san, gan oiread is lá oibre a dheunamh do.
Cé go raibh na buachaillí ag casadh abhaile níor chuir san aon droch-mhisneach ar an bhfear, bhíos fhios aige go mbuailfeadh duine éigin chuige luath nó mall. Seadh! Casadh strapaire de leath-amadán chuige ar deire thiar.
"Tá fhios agat cad tá uam," arsan leath amadán.
"Obair is dócha," arsan fear "ach a bhfuileann tú sásta lém' mhargadh"?
"Raghad sa t-seans, ach ciacu againn a thosnóchaidh?" arsan leath amadán.
"Mise" arsan fear "nach mé an máighistir".
Stad an leath-amadán agus níor chuir focal as ach bhuail a cheann fé agus thosnuig ar machtnamh do féin. I gcionn stáir thóg sé suas a cheann agus dúbhairt:- "Tá san ró dhian dómhsa. Cad mar gheall ar é chur ar crannaibh?"
Bhí sár taithíghe aige ar an gcleas so agus bhíos fhios aige dá mbeadh an máighistir sásta go mbeadh aige féin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Muirceartaig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gleann Loic, Co. Kerry