School: Smerwick (B.)

Location:
An Mhuiríoch, Co. Kerry
Teacher:
Dd. Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0420, Page 612

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0420, Page 612

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Smerwick (B.)
  2. XML Page 612
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear do mhuintir Shéaghdha ag baint feamnaidhe ar dtráigh tamall mhór de bhliadhanta ó shoin. An scian a bhí aige do dhearmhadh se ar an gcloich í, agus nuair a chuaidh sé tharnais ag triall uirthe bhí bean suidhthe ar an gcloich agus í ag cioradh a cínn. D'fhan sé ag ceachaint uirthe tamall agus annsan d'imtig sí isteach sa bfhairrge uaidh. Nuair a cuaidh sé ag triall ar an scian ní raibh sí le fághail aige agus bhí sé in amras gurbh í an bhrúch a rug léithe í.
    Tamall na ndiaidh sin bhí sé ag siúbhal na trágha agus cionnaich sé an bhrúch arís agus í ag cíoradh a cinn mar an gcéadhna. Bhí olc air chúiche i dtaobh an scian a bhuid uaidh agus d'ealaig sé uirthe agus sciob sé a brat uaithe. Do lean sí é go dtí an dtig agus tamall na diaidh sin phósadar. Bhí seachtar leanaí acu. Aon lá amháin bí an fear amuigh agus cuaid duine do's na leabhí anáirde ar an lochta agus d'ocail sí an cómhradh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Mac Eóin
    Gender
    Male
    Address
    Baile na nGall, Co. Kerry
    Informant
    Pádraig Mac Eóin
    Gender
    Male
    Age
    52
    Address
    Baile na nGall, Co. Kerry