School: Na Gleannta
- Location:
- Na Gleannta Theas, Co. Kerry
- Teacher: Ss. Ó Conchabhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Gleannta
- XML Page 439
- XML “Cluichí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 439CluichíImrigheann na daoine go léir im cheanntar féin cluichí. Bíonn A, B, C, mar cluiche againn uaireannta. Bíonn cuid maith daoine ann. Beirimíd ar láma a chéile agus deinimíd ciorchaill. Téidheann duine éigin isteach i lár an chiorchaill. Deireann sé A, B, C, leis na daoine a bhíonn sa chiorchaill síos go dtí G . An té a thuiteadh G air chaitheadh sé rith i ndiaidh an duine a bheadh istigh sa ciorchaill.
Árduigheann na daoie eile a lámha agus ritheann an beirt isteach is amach fé na lámha go dtí go mbeirtear ar an duine a bhí ag rádh A, B, C. Deireann an duine eile A, B, C ansan agus deineann sé an rud ceudna leis an céad duine eile.Máire Ní Dhonnchadha, Na Gleannta.- Collector
- Máire Ní Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Na Gleannta Theas, Co. Kerry