Scoil: Ceann Trágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Kerry
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceann Trágha (Ventry)
- XML Leathanach 153
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Uair amháin bhí cailín ina chómhnuidhe i gCillmhicadomhnaig ...”
(ar lean ón leathanach roimhe)Uair amháin bhí cailín ina chómhnuidhe i gCillmhicadomhnaig agus bhí buachaill 'na chómhnuidhe i gCeanntrágha agus thuit an bheirt ach a ngrádh le na chéile. I gcionn suim airighthe aimsire bhíodar chun pósadh ach nuair a tháinig an t-am níor phósadar in aon chor mar thuigeadar go rabhadar nó dhealbh.
Annsan dúbhairt an buachaill go raghadh sé féin ag tuilleamh go Co. Luimníghe agus nuair a bheadh roinnt beag airgid aige go dtiocfadh sé that nais chun í phósadh. Nuair a bhí sé ag imtheacht thug an cailín a briathar do ná pósfad sí éinne eile ach é féin faid a bheadh sé amuigh.
Dimthig sé leis agus scríobhfadh sé chúichi anois agus arist ach taréir tamaill ní scríobhfadh sé in aon chor chúichi agus cheap sí gur bhamhlaid a bhí sé breóidhte.
Tháinig sé abhaile i gcan fhios do'n gcailín agus bhí sé ana bhreóidte ar fad agus taréis lae nó dhó cailleadh e.
Ní raibh tásg na tuairisc ag an gcailín bocht mar gheall air ach lá amháin chuaidh sí an Daingean ag triall ar rudaí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Maitiú Ó Súileabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 53
- Seoladh
- Cathair Bó Sine, Co. Kerry