School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (roll number 16892)

Location:
Baile an Ghóilín, Co. Kerry
Teacher:
Dll. Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 784

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 784

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
  2. XML Page 784
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Níl móran daoine sa cheanntair seo a dheinfeadh éageóir ar bhaintreabhaigh ar eagla go gcuirfeadh mallacht na baintreabhaighe ortha.

    (continued from previous page)
    aige greamuigheadh sa rath é agus casadh mór dtímcheall leis an rath é agus marbhuigheadh é.
    Bhí cailín díobh i n-aimsearacht agus maidin amháin nuair d'éírigh muinntear a' tíghe fuaireadar an bólta bainte de'n dorus agus scuab 'na coinnibh ar an dtaobh istig chun é coiméad dúnta agus gan tuairisg an chailín le fághail in-aon áit. Fuaireadh a corp báidthe 'na dhiaidh sin tíos ar an dTráigh Bheag.
    Tá fear eiel díobh agus gan oiread agus ribe amháin gruaige ar a ceann, fiú amhain na malaí níl siad air.
    Agus is deallramhthach gur thuit na cinn eile leis nó marar thuiteadar go bhfuil siad le tuitim fós. Ní foláir mar sin nó tá rud éígin a mallacht na baintreabhaighe agus tá sé ráidhte i sean-fhocal,
    "Baintreabhach riamh ná cráídh ach tabhair léíthe láímh."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish