School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Location:
Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 280

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 280

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Page 280
  3. XML “An Leasmháthair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear fadó ann agus fuair a bhean chéile bás agus bhí aon inghean amháin aige. Do phós sé airís agus rugadh inghean eile dó. Níor thaithn an chéad inghean leis an leas-mháthair. Aon lá amháin chuir sí do'n tobar ag triall ar uisce í, chuaidh an cailín síos do'n tobar agus cad do chonnaic sí san uisce ach trí cinn. Dubhairt na cinn léithe iad do thógaint agus iad do nighe agus do ghlanadh agus iad do chur ar an leic thall. Dubhairt an cailín go ndéanfadh sí. Thóg sí amach iad, nigh sí agus ghlan sí iad agus nuair abhí sí ag cioradh na gruaige bhí ór agus airgead ag tuitim anuas uirthe ó'n ngruaig.
    Annsan chuir sí ar an leic iad, thóg sí an t-uisce agus nuair abhí sí ag imtheacht labharadar airís léithe agus dubhradar dá mbeadh gúna salach uirthe go ndéanfaí gúna deas glan de. Nuair a shroich sí an tigh chuaidh sí ináirde an staighre agus chuir sí gúna salach gioblach uirthe agus deineadh gúna deas glan slachtmhar de. Bhí éad ar an sean-mhnaoi, ar an leas-mháthair agus chuir sí a h-inghean féin go dtí an tobar annsan. Chonnaic sí na cinn agus labharadar léithe, d'iarradar uirthe iad do nighe is do ghlanadh is do chur ar an leic.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0480: The Spinning‑Women by the Spring. The Kind and the Unkind Girls.
    Language
    Irish
    Informant
    An tSr. Eibhlín Ní Chonchubhair
    Gender
    Female
    Age
    54
    Occupation
    Bean rialta
    Address
    Daingean Uí Chúis, Co. Kerry