School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann tamall maith de bhlianta ó shoin, dárbh ainm Muiris Réadóir. Bhí sé na chómhnuidhe in Árdamór Thuas ar an bhFatha (faiche) agus do réir mar deir siad ba gheall le baile mór an fatha an uair sin. Bhí oiread san tighthe beaga agus de bhotháin ann. Pé sgéal é bhí feirm bheag talmhan aige Muiris agus bhí stáca beag coirce spártha aige in ndeire na bliana áirighthe seo. Bliain ana olc dob' eadh é (í) agus bhí ana ghanachúis ar na feirmeóirí agus bhí gach aoinne acu ag ruith go dtí Muiris ag triall ar bheart do'n gcoirce. Fuair gach aoinne a tháinig beart ó Mhuiris ach ní raibh aon laigheadú ag dul ar an stáca beag. Lá amháin nuair ná raibh Muiris sa bhaile do chuir a bhean an stáicín coirce isteach anáirde ar an lochta le cnóisciún mar bhí scrupall uirthe na cearca bheith á stracadh ar fuaid na h-áite. Nuair a tháinig Muiris bhí sé ar buile agus ar bainí agus dubhairt sé le na mhnaoi go raibh deire leis an gcoirce anois, mar go dtí san d'á mhéid duine a thiocfadh ná raghadh aon liuga (=laigheadú) air, faid a bhí sé amuich, mar go raibh an "Ana" Naomhtha istig ann. Bhí buadh mór ag Muiris agus bhíodh sé ag déanamh leighis ach ní thaitnigheadh san leis na sagairt mar ná géilidís go raibh, agus bhídís na dhiaidh in aghaidh an lae. Lá amháin do bhuail an sagart le Muiris agus le na linn sin tháinig fiach-dubh os a gcionn sa spéir agus é ag sgreadaig agus ag glamghuíl."Seadh, a Mhuiris" arsa'n sagart ag feuchaint anáirde, "Cad tá ag an bhfiach dubh san á rádh?" Sé an freagra a thug Muiris air ná(continues on next page)
- Collector
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Informant
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 78
- Address
- Cinn Aird, Co. Kerry