Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)

Suíomh:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 141

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 141

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain Chumhra
  2. XML Leathanach 141
  3. XML “Sin é an Uair a Bhíodh an Obair ar na Mná”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí leath-phic linn curtha againn an bliain sin agus dá dtabharfaí leath an aire dos na h-iniúin anois bheadh iniúin agat agus is gearr a dhíolfaidís asta féin.
    Dheinidís an talamh do rómhar' ar dtúis. Ní raibh na céachtaí ann an uair sin agus d'á mbeidís féin níor bhfiú é thabhairt isteach i bpaiste beag agus bheith á iompó agus á chasadh. Tímcheall le leath-chéad talmhan a chuir an leath-phic. Dheinidís an ithir do rómharadh is do chíoradh is do mhionú go binn ar dtúis agus do ghlanadh is do riarú chómh maith agus dob'fhéidir agus na sgraitheanna agus na mion-chlocha do phriocadh as. Níl aon bhaoghal ná go bhfuigheadh sé aire thabhairt do. Deintaí an síol-ruis do chrothadh is do leathadh ann annsan mar a déanfá paiste síol-ghabáiste. Nuair a bhíodh sé lán fásta annsan caithtaí é tharrach leis an láimh as na príacha agus punannacha maith móra a dhéanamh de agus é chur 'na sheasamh mar deintear na stuaiceanna coirce anois, gan aon cheann air, é chur i bpoll duíbhe-línn annsan agus é fhágaint ag bogadh 's ag lobhadh fé mar a bheadh beart tuigí, go ceann coighcíse nó pé fhaid a bhíodh beartuighthe dho. Tógtaí amach as an bpoll é leathtaí tanaí na straipeanna geairide 'na strip ó bhárr go bun an ghuirt, é fhágaint ann go mbíodh sé tirim.
    Is dócha gur b'feáirde é báisteach d'fhághail. Bhíodh sé dubh salach smeartha tar éis an phuíll. Ní tógtaí níos túisge ná seachtmhain é ach go h-áirighthe. É bhailiú na punannacha airís nuair a bhíodh sé tirim glan. É chur ar an streagán os cionn
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    2. objects
      1. clothing and accessories (~2,403)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cinn Aird, Co. Kerry