School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 129

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 129

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 129
  3. XML “Droichead na Gairfeanaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. In aimsir Cromail a bhítheas ag tógaint an droichead san ar abainn na Gairbhtheanaighe. Gaib sagart an treó agus an tóir go te na dhiaidh. Stad sé agus labhair sé leis an lucht oibre agus dubhairt sé leó a rádh le h-aoinne a bheadh ag cur a thuairisge féin gur gaibh sé thar brághaid agus an céad cloch acu a cur sa droichead. Cuaidh sé i bhfolach annsan i leath-taoibh. Ba ró gheárr gur tháinig na saighdiúirí agus ceistig an t-oifigeach na fearaibh oibre. "A'bhfeacaig sibh sagart ag gabháil an treó seo le deanaighe?" ar seisean agus thug sé a chómharaidhthe dóibh. Dubradar san go pras mear gur gaibh a leithéid thar brághaid agus an chéad chloch acu á chur sa droichead. "An fada tá'n sibh ag obair ar an ndroichead?" ar seisean. "Seachtmhain" d'fhreagruigeadar. "Ní bhéarfam go deó air", arsa duine des na saighdiúirí. "Tiocam suas leis dá fhaid a raghaidh sé" arsan t-oifigeach. D'imthigheadar annsan. Ní fada ó bhaile bhíodar nuair a tháinig an sagart chun cainnte airís leis an lucht oibre. D'iniseadar dó cad a thárla agus cad dubhradh. "Is minic a d'imtig agus nár tháinig" ars an sagart. Bhí san go maith agus geárr na dhiaidh san an lá céadna gur leag an capall an t-oifigeach agus é an Chonair ó tuaidh agus d'imthig an chuid eile.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    2. objects
      1. man-made structures
        1. public infrastructure
          1. roads (~2,778)
    Language
    Irish
    Informant
    Micheal Ó Súilleabháin
    Gender
    Male
    Address
    Baile an Ístínigh, Co. Kerry
    Informant
    Seán Ó Brosnachain
    Gender
    Male
    Address
    Baile an Bhúlaeraigh Theas, Co. Kerry
    Informant
    Pádruig Ó Súilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Cinn Aird, Co. Kerry