Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 204

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 204

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 204
  3. XML “Scéal - Cé acu Is Fearr Dúchas ná Oiliúint”
  4. XML “Sióga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sidheóga.
    Bhí fear ann fadó agus Gallús na Cosa Dubha a ghlaoidhtí air. 'Na chodhladh sa ló agus amuich ist oidhche a bhíodh sé. Aon oidhche amháin chuaidh sé isteach i lios a bhí san mbaile agus tháinig na sídheóga amach mar ba ghnáth leo. Sheas gach duine acu ag buachallán buidhe sa pháirc. "Mo chapall is mo shrian" ars gach duine acu agus ar an neomat san bhí an pháirc bhreacuighthe le capallaibh agus srian ar gach ceann díobh. B'ait leis é agus dubhairt sé féin "Mo chapall is mo shrian". Tháinig capall agus srian ar chuige chómh maith le cách.
    Siúd ar aghaidh iad na Sidheóga agus Gallús in éinfeacht leo. Níor dheineadar stad ná staonadh nó gur bhaineadar iochtar na hÉireann amach. Bhí lanamha nua pósta ansan agus sciobadar an bhean óg leo. Chuireadar ináirde ar chapall Ghallúis í agus ar ais leo go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Gribhthín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Fhothrach Mhór, Co. Kerry