Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 205

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 205

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 205
  3. XML “Sióga”
  4. XML “Tíorántacht na dTiarnaí Talún”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. dtí an lios.
    Nuair a bhaineadar an lios amach ní thabarfadh Gallús an bhean óg dóibh, agus thug sé abhaile leis í. Ach focal cainnte ní raibh aici nuair a shrois sé an baile.Bhí sé i gcruadhchás. Chuaidh sé go dtí an lios oidhche lá'r na bháireach. D'fhan sé gur tháinig na sídheoga amach. Chualaidh sé iad ag cainnt fá'n mnaoi. Dá bhfaigheadh sí trí dheoch as an dtobar seo bheadh sí slán ,ars iad. "Nách bhfuil an t-ádh liom" ar seisean agus seo leis abhaile. Thug sé an bhean óg leis go dtí an tobar' agus thug sé trí dheoch di agus tháinig a cainnt ansan chúiche.
    Chuadar abhaile ach ní raibh sí sásta leis an beatha nua.Scríobh sí litir chun a h-athair agus tháinig sé láithreach. Rug sé leis abhaile í ach dhein sé fear saidhbhir de Ghallús sar ar eirigh leis i bhreith leis.

    Tíorantacht na dTighearnaí Talmhan.
    Tháinig an Tighearna Talmhan (Tighearna Ceann Trágha) go dtí na Tionóntaighthe i Liospóil lá agus gaige ó'n áit in aoinfeacht leis. Bhótaí a bhí ag teasdáil uaidh. Chonnaiceadar fear ag teacht ó'n gcnoc agus scathán aitinn thar a cheann aige. "Cad dob'áil leis an duine sin a dhéanamh leis an scathán sin, ar seisean. Tá,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.